Relativity Testo

Testo Relativity

-Chorus: Óró, 'sheanduine, 'sheanduine dóite Luigh ar do leaba is codail do dhóthain Óró, 'sheanduine, 'sheanduine dóite Is óró, 'sheanduine is mairg a phós thú Chuir mé mo sheanduine Isteach ins an choirnéal A dhíol bhainne ramhair Is a dh'ithe aráin eornan Dá gcuirfeadh sé a cheann amach Bhainfinn an tsrón de Agus d'fhuígfinn an chuid eile Ag na cailíní óga -(Chorus) Dá bhfaigheadh mo sheanduine Gach ní mar ba chóir dó Greamanna ime Agus greamanna feola Íochtar na cuinneoige Is prátaí rósta Bhainfeadh sí gliogar As cailíní óga -(Chorus, 3rd verse, chorus) Chuir mé mo sheanduine Go Sráidbhaile an Róba Cleite ina hata Agus búclaí ar a bhróga Bhí triúir á mhealladh Is ceathrar á phógadh Chuala mé i nGaillimh Gur imigh sé leotha -(Chorus, 5th verse, chorus twice)