Óró Sé Do Bheatha 'Bhaile Testo

Testo Óró Sé Do Bheatha 'Bhaile

'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
Do b' é ár gcreach thú bheith i ngéibheann,
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
Is tú díolta leis na Gallaibh.

Óró, sé do bheatha 'bhaile,
Óró, sé do bheatha 'bhaile,
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile,
Óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh,
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

Óró, sé do bheatha 'bhaile, (x3)
Anois ar theacht an tsamhraidh.

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

Óró, sé do bheatha 'bhaile, (x3)
Anois ar theacht an tsamhraidh