A Shionann Bhriain Bhóroimhe Testo

Testo A Shionann Bhriain Bhóroimhe

A Shionann Bhriain Bhóroimhe (Oh, Shannon of Brian of Boroma) A Shionann Bhriain Bhóroimhe, iongnadh is méad do gháire, mar sguire do ghlóraighe ag dol siar isin sáile. Gluaise láimh ré Bóroimhe, téighe láimh ré Ceann Choradh, ag moladh Mheic mhór Mhuire, go bráth bráth is binn t'fhoghar. An port asa dtéighisi, ó shliabh Iarainn 'ga neimhcheilt; lór a luaithe téighisi tré Loch Ribh, tré Loch nDeirgdheirc. Ag dol tar Eas nDanainne nocha nféadthar do chuibhreach; is ann do-ní an ramhaille, ag dola láimh ré Luimneach. Ó Luimneach an mhearsháile go dtéighe i nInis Cathaigh láimh ré port ar Seanáinne, caidhe th'imtheacht 'na dheaghaidh. Fa imlibh ar bhfearainne meinic théighe in gach ionam, ar ais tar Eas nDanainne, ag dul san bhfairrge, a Shionann. Bóinn is Siúir is sein Leamhain agus Suca nach sriobhmall adeirid na deighleabhair gurab uaisle tú, a Shionann.