Do Do Do Do Testo

Testo Do Do Do Do

Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh

'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar
Do b' é ár gcreach thú bheith I ngéibheann
Do dhúiche bhreá I seilbh méirleach
Is tú díolta leis na Gallaibh
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
Óglaigh armtha léi mar gharda
Gaeil iad féin is ní Frainc ná Spáinnigh
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh

Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam
Mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Óró, sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh